Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Matha 4:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt leis: Bhéarfaidh mé iad seo uilig duit, má shléachtann tú damh, agus mé d’adhradh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do mʼadhradh.” An Bíobla Naofa 1981 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.” |
Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.
Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo.
Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall as Dhia,
Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa.
Agus i dtaobh breitheamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin ar priúnsa an domhain seo.