Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 13:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall as Dhia,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus ó bhí a fhios ag Íosa gur thug an tAthair an uile ní ina lámha, agus gur tháinig sé ó Dhia agus go raibh air filleadh ar Dhia,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ó bhí a fhios aige go dtug an t-Athair na h-uile neithe isteach ina lámha dó, agus go dtáinic sé ó Dhia, agus go raibh sé ag dul chuig Dia:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh tabhartha ’n‐a láimh dhó ag an Athair, agus go dtáinig sé ó Dhia,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ar na aithne Diosa go dtug an Tahair na huile néithe fá ná lámhuibh, agus gur ab ó Dhía tháinig sé, agus gur chum Dé do bhí sé ag dul;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 13:3
22 Tagairtí Cros  

Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’fhoillsiú dhó.


Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair ach do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú.


Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.


Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe.


Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá an neamh.


Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige.


Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé.


Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh go bhfuilim-se ag déanamh fiadhnaise orm féin tá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eól dom cá dtánag agus cá bhfuilim ag dul; ach ní h-eól daoibh-se cá dtánag ná cá bhfuilim ag dul.


Ansan dubhairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia bhúr n-athair bheadh grádh agaibh dómh-sa; óir do ghluaiseas-sa ó Dhia agus do thánag uaidh; óir ní h-uaim féin a thánag, ach do chuir seisean uaidh mé.


Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí