Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus dubhairt leis: Bhéarfaidh mé iad seo uilig duit, má shléachtann tú damh, agus mé d’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a dubhairt sé ris, Do bhéaruidh mise iád so uile dhuit, má shléachdann tú dhamh dom onórughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do mʼadhradh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:9
21 Tagairtí Cros  

Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair; déanfaidh gach cine fónamh dó.


Is tríomsa a rialaíonn ríthe, agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.


agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d'airgead geal.


Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”


Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.


ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,


Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa.


i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.


is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.


Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin.


Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”


Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí