Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.
Matha 26:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail isteach go halla an árdshagairt, darbh ainm Caiphas: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus seinnsir an phobuil, go halla a nárdshagairt, dá ngoithior, Cáiaphas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas, An Bíobla Naofa 1981 San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas, |
Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.
Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir.
Agus do lean Peadar é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd-shagairt, agus bhí sé ’n-a shuidhe i dteannta na seirbhíseach, chun na teine, ’ghá théidh féin.
Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine de chailíníbh aimsire an árdshagairt,
Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir,
Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg.
I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.
Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, da mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.
Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg.