Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:69 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

69 Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

69 Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

69 Acht bhí Peadar ina shuidhe amuigh san chúirt, agus tháinic cailín aimsire chuige, agus dubhairt: Bhí tusa fosta le h-Íosa, an Gaililéach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

69 Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

69 Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

69 Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Gailíleach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

69 Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:69
18 Tagairtí Cros  

Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.


Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;


Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.


Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh.


Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach.


Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.


Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?


D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.


I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí