Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:70 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

70 Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

70 Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

70 Acht shéan seisean i láthair a raibh ann, ag rádh: Ní fhuil a fhios agam cad é atá dá rádh agat.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

70 Acht do shéan seisean é i bhfiadhnaise a raibh ann, g‐á rádh, Ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

70 Achd do shéan seisean a bhfíadhnuisi cháich uile, ag rádh, Ní fheidir mé créd a deir tú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

70 Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

70 Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:70
17 Tagairtí Cros  

Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.


Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.


Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach.


Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí