Matha 26:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tá a fhios agaibh go mbéidh an Cháisc ann i gcionn dhá lá, agus bhéarfar suas Mac an Duine chun a chéasta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A tá a fhios agaibh go bhfuil an chaísg tair éis dá lá, agus go dtiobharthar Mac an duine dá chrochadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.” An Bíobla Naofa 1981 “Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.” |
Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.
Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin.
Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom;
Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán daoine ag teacht go Ierúsalem ó’n dtuath roimis an gcáisg chun iad féin do naomhú.
Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg Íosa ó’n mbás é.
Agus bhí fios na h-áite ag Iúdas, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobulaibh.
Ionus go gcómhlíonfaí focal Íosa, an focal adubhairt sé ’ghá chur i n-iúil cad é an bás a gheobhadh sé.
Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem.