Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 24:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Annsin bhéarfaidh siad suas do bhur gcrádhadh sibh, agus cuirfidh siad chun báis sibh; agus béidh fuath ag na h-uile chinidheacha oraibh mar gheall ar m’ainm-se.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar mʼainm-se.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

Féach an chaibidil



Matha 24:9
26 Tagairtí Cros  

Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.


D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair.


Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh;


Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.


Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh.


Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé.


Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.


Ach iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-cear ag gabháil ’n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.


Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna. Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.