Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus annsin glacfaidh mórán scainneal, agus dhéanfaidh siad feall ar a chéile, agus béidh fuath acu ar a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:10
17 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad.


Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa.


Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.


Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin.


Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán.


Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha.


Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach.


Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus bhúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun bháis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí