Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Annsin bhéarfaidh siad suas do bhur gcrádhadh sibh, agus cuirfidh siad chun báis sibh; agus béidh fuath ag na h-uile chinidheacha oraibh mar gheall ar m’ainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar mʼainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:9
26 Tagairtí Cros  

Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.


D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair.


Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh;


Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.


Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh.


Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé.


Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.


Ach iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-cear ag gabháil ’n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.


Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna. Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí