Matha 24:9 - An Bíobla Naofa 19819 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Annsin bhéarfaidh siad suas do bhur gcrádhadh sibh, agus cuirfidh siad chun báis sibh; agus béidh fuath ag na h-uile chinidheacha oraibh mar gheall ar m’ainm-se. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar mʼainm-se. Féach an chaibidil |