Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Annsin bhéarfaidh siad suas do bhur gcrádhadh sibh, agus cuirfidh siad chun báis sibh; agus béidh fuath ag na h-uile chinidheacha oraibh mar gheall ar m’ainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar mʼainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:9
26 Tagairtí Cros  

agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad.


D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad:


Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha;


Acht roimh theacht do na neithibh sin uile, do‐gheobaid greim láimhe oraibh, agus crádhfaid sibh, ’g‐bhúr mbreith i láthair na sionagóg, agus chum na bpríosún, ’g‐bhúr dtarraing i láthair ríogh agus i láthair uachtarán ar son m’anma‐sa.


Má bheir an saoghal fuath dhaoibh, bíodh a fhios agaibh go dtug sé fuath dhamh‐sa rómhaibh.


Acht do‐ghéanaid na neithe seo go léir dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se, de bhrigh nach bhfuil aithne aca ar an té do chuir uaidh mé.


Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé.


Acht ba mhian linn fios scéil d’fhágháil uait i dtaobh a gcreideann tú: óir, i dtaobh na h‐aicme seo, is eol dúinn go bhfuiltear ag cainnt ’n‐a coinnibh ins gach áit.


Agus do ghabhadar de chlochaibh ar Stiofán, agus é ag guidhe, g‐á rádh, A Thighearna Íosa, glac chugat mo spioraid.


acht má’s mar Chríostaidhe é, ná bíodh náire air; acht tabhradh sé glóir do Dhia as ucht an ainme seo.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


Is eol dom t’áit chómhnuighthe, mar a bhfuil righ‐chathaoir Shátain: agus greamuigheann tú dem’ ainm‐se, agus níor shéanais mo chreideamh i laethibh Antipais féin, m’fhiadhnaidhe dílis do marbhadh ’n‐bhur measc, san áit ’n‐a bhfuil Sátan ’n‐a chómhnaidhe.


Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí