Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ach roimhe sin uile leagfaidh siad a lámha oraibh agus cuirfidh siad géarleanúint oraibh, do bhur bhfágáil faoi na sionagóga agus na príosúin, agus tarraingeofar os comhair na ríthe agus na n‑uachtarán sibh mar mhaithe le mʼainmse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Acht rompa seo uilig béarfaidh siad oraibh, agus cuirfidh siad géirleanamhaint oraibh, bhur dtabhairt suas do shineagóga agus príosúin, bhur dtarraingt roimh ríghthe agus uachtaráin mar gheall ar m’ainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Acht roimh theacht do na neithibh sin uile, do‐gheobaid greim láimhe oraibh, agus crádhfaid sibh, ’g‐bhúr mbreith i láthair na sionagóg, agus chum na bpríosún, ’g‐bhúr dtarraing i láthair ríogh agus i láthair uachtarán ar son m’anma‐sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Achd rompa so uile, cuirfid síad lámha ionnuibhsi, agus gérleanfaid sibh, dá bhar dtabhairt do na coimhthionolaibh, agus do na príosúnuibh, da bhur mbreith chum righthe agus chum úachdarán ar son manmasa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar mʼainm-se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:12
31 Tagairtí Cros  

Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.


Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir.


Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra.


Cuimhnighidh ar an bhfocal adubhart libh: Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mhaighistir. Má dheineadar géarleanmhaint orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis; má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad bhúr mbréithre-se, leis.


Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé.


Ansan, lár n-a mháireach an lae sin, ba mhian leis a dh’fhághail amach níos cruinne cad a bhí ag na Iúdaígh. ’á chur ’n-a leith, agus do sgaoil sé é, agus d’órduigh sé na sagairt agus an chómhairle do teacht i bhfochair a chéile agus thugh sé Pól amach agus chuir sé os a gcómhair é.


Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad.


Ach bhí léirsgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraighdineas.


Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am ghéarleanmhaint?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí