Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.
Matha 20:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí truaighe ag Íosa dóibh agus bhain sé le n-a súla; fuair siad a n-amharc ar an bhomaite, agus lean siad é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh trúaighe Iósa dhóibh, agus do bhean sé ré na súilibh: agus taínic radharc da súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. An Bíobla Naofa 1981 Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. |
Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.
Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh.
Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,
Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.
Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir bhúr gcreidimh.
Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire.
Agus thóg sé leis i leith taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n-a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine,
Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é.
Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.
Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.