Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.
Matha 16:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cad chuige nach dtuigeann sibh nár i dtaoibh aráin a dubhairt mé libh: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cad chuige nach dtuigeann sibh nach d’arán do bhíos ag tagairt. Acht seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cionnas nach ttuigthí nach a dtimcheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhin na Bhphairisíneach, agus na Saduichineach? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” An Bíobla Naofa 1981 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” |
Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.
Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?
Agus do tháinig ciúnas mór. Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraibh? Ná fuil creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cé h-é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?
Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.
Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.
A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?
Cad ’n-a thaobh ná h-aithnigheann sibh mo chaint? Mar ní fhéadann sibh m’ urlabhra d’aireachtaint.