Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith?
Matha 11:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach cad chuige a ndeachaigh sibh amach? An le fear a fheiceáil a mbíodh éadaí míne air? Ach is i dtithe na ríthe a bhíos lucht an éadaigh mhín. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fear gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe na ríogh a bhíos lucht an éadaigh mhín. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht cad é go ndeachaidh sibh amach le n‐a fheicsin? Fear agus éadaighe míne air? Féach, lucht an éadaigh mhín is i dtighthibh na ríogh bhíd‐sean. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd síad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. An Bíobla Naofa 1981 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. |
Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith?
Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.
Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain.
Ach cad ’á d’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh.