Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.
Matha 10:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní sibh-se a labhras, acht Spiorad bhur n-Athar, a labhras ionnaibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní sibhsi labhrus, achd Spiorad bhur Nathar féin labhrus ionnaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar ní sibh-se a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. An Bíobla Naofa 1981 mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. |
Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir.
Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh, Dubhairt an Tighearna lem’ Thighearna, Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd’ chosaibh.
Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?
Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.
Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh.
Ach bhí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naomh, agus d’fhéach sé air
agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.
Agus bhíodar ag imtheacht gan bheith ar aon-aigne, i dtreó go ndubhairt Pól an t-aon fhocal amháin: Is maith adubhairt an Spioraid Naomh é le n-ár n-aithreachaibh tré bhéal an fháidh Isáias,
Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom:
Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé.