Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VI. An mórsheisear deochon dá n-óirdniú. Díoghras Stiopháin.

1 Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeisgiobul ag dul i méid, d’eirigh ceisniomh do sna Gréagaigh i n-aghaid na n-Eabhrach, ’ghá rádh go dtugtí faillighe ’n-a mbhaintreachaibh féin sa bhfhrithalamh laethamhail.

2 Ansan do ghlaoidh an dáréag na deisgiobhuil go léir i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne briathar Dé d’fhágaint agus frithálamh bhórd a dhéanamh.

3 Cuardaighidh d’a bhrigh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mórsheisear d’fhearaibh creideamhnacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h-oibre seo iad.

4 agus beimíd féin coitchianta ag déanamh úrnuighthe agus ag frithálamh an bhréithir.

5 Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus do thoghadar Stiophan, fear a bhí lán de chreideamh agus de’n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a tháinig cúca ó Antioch.

6 Thugadar na fir sin i láthair na n-Aspol, agus dhein na n-Aspoil úrnuighthe dhchibh agus chuireadar a lámha ortha.

7 Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeisgiobul ag dul i líonmhaire go mór i n-Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreideamh.

8 Agus bhí Stiophán lán de ghrásta agus de neart agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine.

9 Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneach agus na gCurénéach agus na n-Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicla agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophan.

10 Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé.

11 Ansan chuireadar suas daoine áirithe chun teacht agus a rádh gur airíghdar féin focail mhasluightheacha uaidh i n-aghaidh Mhaoise agus i n-aghaidh Dé.

12 Do ghníosadar ar an gcuma san an pobhul agus na seanóirí agus na sgríbhneóirí agus do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air agus do thugadar i láthair na cómhairle é.

13 Agus chuireadar suas fínnithe bhréagacha chun a rádh: Ní stadann an duine sin ach ag labhairt cainnteana masluightheacha i n-aghaidh na h-áite naomhtha agus i n-agaidh na dlíghe.

14 Óir d’airighmair é ’ghá rádh so: Déanfaidh Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn.

15 Agus bhí lucht na cómhairle ag féachaint go dlúth air agus chonnacadar go raibh a ghnúis mar a bheadh gnúis aingil.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí