Matha 1:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naomh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ba mar seo a bhí geineamhaint Chríost: Nuair a bhí Muire, a mháthair, luaidhte le h-Ióseph, sul a dtáinic siad i dteannta a chéile, fuarthas í ag iomchar cloinne ó’n Spiorad Naomh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is mar so do bhí geineamhuin Iosa Chríosd: Oir tar éis daingin do thabhairt eidir a mhathair Muire agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá cheile fríoth torrach í ón Spiorad Náomh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. An Bíobla Naofa 1981 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. |
An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.
Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.
Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh ’n-ar fhéach sé orm agus ’n-ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine.
Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne.