Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar.
Lúcás 9:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do tharla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tharla na deisceabail air agus é ag urnaí ina aonar agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé a deir na daoine is mise?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a bhí sé ag guidhe ina aonar, go raibh a dheisciobail fosta ina chuideachta, agus cheistigh sé iad, ag rádh: Cé deir na sluaighte is mise? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, agus é ag guidhe ’n‐a aonar, go raibh na deisceabail ’n‐a fhochair: agus do cheistigh sé iad, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, an tan do bhí sé na áonar ag déanamh urnuighe, go rabbadar a dheisciobuil na fhochair: agus gur fhíafruidh sé dhíobh, ag rádh, Créd a deir an slúagh cía misi? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, dʼfhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” An Bíobla Naofa 1981 Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” |
Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar.
Ansan do tháinig Íosa agus iad fein chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh.
Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil.
Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir,
Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.
Agus d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh.
Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.
Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach.