Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bhí sé ar a urnaí in áit áirithe, agus nuair a stad sé di, dúirt duine dá dheisceabail leis, “A Thiarna, múin an urnaí dúinn, mar a rinne Eoin dá dheisceabailsean.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla, ag déanamh urnaighe i n-áit áirithe dó, nuair a stad sé, dubhairt duine dá dheisciobail leis: A Thighearna, múin dúinne urnaighe a dhéanamh, amhail mar mhúin Eoin fosta dá dheisciobail féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh urnuighe a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear áirighe dá dheisciobluibh ris, A Thighearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhúin Eóin dá dheisciobluibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:1
14 Tagairtí Cros  

Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.


Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.


Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Agus do tharla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise?


Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí