Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Ach níl riachtanas ach leis an aon ní amháin. Ghabh Muire an dea-mhír mar rogha, agus ní bhainfear di é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Acht is aon nídh amháin atá riachtanach. Rinne Máire an rogha is feárr, agus ní bhainfear uaithe é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Achd cheana ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach béarthar uáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:42
36 Tagairtí Cros  

Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin?


Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh’ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar.


Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil.


Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda.


Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.


Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise.


Féachaidh, d’á bhrigh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.


Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite.


Agus bhí cuid mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár.


Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.


Agus isí seo an bheatha shíoruidhe, go gcuirfidís aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost a chuiris uait.


Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe.


Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh’éisteann le m’briathar-sa agus a creideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha.


Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí