Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Ach is é a dʼfhreagair an Tiarna uirthi, “A Mharta, a Mharta, bíonn tusa ag cur imní agus buartha ort féin faoi mhórán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus d’fhreagair an Tighearna í, agus dubhairt: A Mharta, a Mharta, tá cúram ort, agus buaidhreamh ort fá mhórán neithe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría, A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dúirt an Tiarna léi dá freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:41
13 Tagairtí Cros  

Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é.


Do tharla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh’ ainim Marta isteach ’n-a tigh féin é.


Agus bí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom.


Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh.


Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite.


Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus.


Agus dheineadar féasta dhó ann, agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de’n chuideachtain a shuidh chun bídh i n’fhochair ab eadh Lasarus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí