Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:36 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Ansan do tháinig Íosa agus iad fein chun an bhaile ar a dtugtar Getsemaní; agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh-se anso go dtéighead-sa ansúd anonn chun úrnuighthe dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Annsin tháinic Íosa leo go dtí an áit, dá ngoirtear Getsemani; agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Suidhigidh annseo, go dtéighidh mise anonn annsiúd a dhéanamh urnaighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Annsin tháinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go dtéighead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Do chúaidh Iósa léo an trathsin do nionad dá ngoirthear Gétsémane, agus a deir sé ré na dheisciobluibh, Suidhighsi ann so, go ndeacha misi do dhéanamh urnuighthe ann súd a nunn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirígí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:36
10 Tagairtí Cros  

Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.


Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí