Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.
Lúcás 7:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a d’imthigh teachtairí Eoin, thoisigh sé a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí deisceabail Eoin imthighthe, do thosnuigh sé ar a rádh leis an sluagh i dtaobh Eoin, Créad é go ndeachabhar amach sa bhfásach le n’fheicsin? giolcach d’á luascadh ag an ngaoith? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth? An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? |
Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h-áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n-a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.
I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach.
Ach cad ’á d’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh.
Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.