Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.
Lúcás 6:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Síomón an díograiseoir, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alpheuis, agus Síomon, dá ngoirtear Dúthrachtaidhe, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaéuis, agus Síomón ar a dtugtar Sélótés, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Matha agus Tomás, Séumas mac Alphei, agus Simon da ngoirthear Selótes. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, An Bíobla Naofa 1981 Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, |
Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.
Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.
Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach,
Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise.
Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,
Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh-dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.
Ach Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raibh sé ’n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa.
Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.
Agus nuair éisteadar dfhreagair Séamus agus dubhairt sé: a fheara, a bhráithre, éistidh liom.