Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus dʼéirigh sé agus lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus nuair a d’imthigh Íosa as an áit sin, chonnaic sé fear, dárbh ainm Maitiú, ina shuidhe i n-oific na cánach, agus deir sé leis: lean mise. Agus d’éirigh sé agus lean é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus an tan do chúaigh Iósa as a náitsin, do chunnairc sé oglach, na shuighe ag bord an chusduim, dar bhainm Matha, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhó, do lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” Dʼéirigh seisean agus lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:9
16 Tagairtí Cros  

Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,


Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart.


Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.


Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul.


Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach,


Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés,


Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí