Gníomhartha 15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XV. Aighneas i dtaobh tímpallghearradh. Cinneadh cómhairle Ierúsaleim agus a leitir. 1 Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar tímpallghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe Mhaoise ní féidir bhúr slánú. 2 Cuir Pól agus Barnabas ’na gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocaruigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h-Aspuil agus na sagairt a bhí i n-Ierúsalem, i dtaobh an sgéil. 3 Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’gá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir. 4 Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag au eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag na seanóiríbh, agus iad ’gá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha. 5 Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise cimeád. 6 Ansan do tháinig na h-Aspuil agus na seanóirí i gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreithniú. 7 Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: A fheara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chloisfeadh na geinte briathar an tSoisgéil agus do ghlacfaidís an creideamh. 8 Agus Dia a chíonn an croidhe, thug sé fiadhnaise ’na bhfábhar, mar do thug sé an Spioraid naomh dóibh fé mar a thug se dhúinne é. 9 Agus niór dhein sé aon deifrígheacht idir sinne agus iadsan, mar do ghlan sé a gcroidhe leis an gcreideamh. 10 Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dhia go gcuirfeadh sé ar mhuinéalaibh na ndeisgiobul cuing nár fhéad ár n-aithreacha ná sinne a dh’iompar? 11 Ach creidimíd go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré ghrásta ár dTighearna Íosa Críost. 12 Ansan d’fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar ag éisteacht le Pól agus le Barnabas ’ghá innsint cad iad na mírbhúiltí uathbhasacha a bhí déanta ag Dia tríotha féin imeasg na ngeinte. 13 Agus nuair éisteadar dfhreagair Séamus agus dubhairt sé: a fheara, a bhráithre, éistidh liom. 14 Tá innste ag Símón conus mar a d’fhéach Dia ar dtúis ar na geintibh chun go dtógfadh sé asta pobul d’á ainim féin. 15 Agus tá cainnt na bhfáidh ag teacht isteach leis sin, do réir mar atá sgríobhtha: 16 Tar éis na neith sin fillfead agus cuirfead suas airís an tabernacul so Dháibhid atá ar lár, agus deiseóchad a bhfuil briste dhe, agus cuirfead ’n-a sheasamh airís é, 17 I dtreó go loirgeóchaid an chuid eile de sna daoine an Tighearna, agus na geinte go léir, ’na bhfuil m’ainim dá ghlaodhach os a gcionn, adeir an Tighearna agus na neithe sin aige ’á déanamh. 18 Tá fios a oibre féin ag an dTighearna ó thusach an tsaoghail. 19 Dá bhrígh sin isé mo bhreiteamhantas-sa, gan buaireamh a chur ar na daoine atá iompuighthe chun Dé as na geintibh, 20 Ac sgríobhadh chúcha, iad féin a sheachaint ar thruailliú íomh-ághthach, agus ar dhrúis, agus ar fheóil thachtaithe, agus ar fhuil. 21 Óir tá ag Maois, ó’n seanaimsir, i ngach cathair, daoine chun é dh’fhógairt ins na sinagógaibh, mar a léigtear é gach sabbóid. 22 Ansan do shocaruigh na h-Aspuil agus na seanóiri agus an eaglais go léir ais go gcurfí go h-Antioch, i n-aonfheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a dtugcí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre, 23 Agus go gcurfi an sgríbhinn seo ar a lámhaibh: “Ó sna h-Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngeinteach atá i n-Antioch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh. 24 Toisg gur airígheamair go ndeaghaidh daoine amach uainne agus gur chuireadar buaireamh oraibhse, ag suathadh bhur n-aigne le neithibh nár órduigheamairne, 25 Do thánamair i bhfochair a chéile agus do socaruígheamair ar fhearaibh do thogha agus do chur chúghaibh i n-aonfheacht le n-ár gcáirdibh ionmhuine Barnabas agus Pól, 26 Fir a thug a n-anam ar son ainime ár dTighearna Íosa Críost. 27 Tá curtha uainn againn, d’á bhrígh sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na neithe céadna. 28 Is toil leis an Spioraid Naomh agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse ach an méid seo atá riachtanach .i., 29 Ná h-íosfaidh sibh neithe do h-ídhbreadh d’íomhághthibh, ná fuil, na feóil a tachtadh, agus go staonfaidh sibh ó dhrúis. Má dhéineann sibh an méid sin beidh an sgéal go maith agaibh. Slán libh.” 30 Ansan do cuireadh iad-san chun siubhail agus chuadar síos go h-Antioch, agus chruinnígheadar an pobul agus thugadar uatha an sgríbhinn, 31 Agus nuair a léigheadh é bhí áthas ortha mar gheall ar an sólás. 32 Ach fáidhí ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus deineadar mórán cainnte leis na bráithribh agus thugadar mórán sólás dóibh agus mórán misnigh. 33 Ansan d’fhanadar ann rainnt aimsire agus ’n-a dhiaidh san do chuir na bráithre chun siubhail iad go síothach ag triall ar an muinntir á chuir uatha iad. 34 Ach do shocaruigh Sílas ar fhanmhaint ann agus chuaidh Iúdás i n’aonar thar n-air go Ierúsalem. 35 agus d’fhan Pól agus Barnabas i n-Antioch, ag teagasg agus ag craobhsgaoile bréithir an Tighearna, mar aon le mórán eile daoine. 36 Ansan, tar éis rainnt laethanta dubhairt Pól le Barnabas: Iompuighmís agus tugaimís cuaird ar na bráithribh, tré sna cathrachaibh go léir ionar chraobhsgaoileamair briathar an Tighearna, féachaint conas atá an sgéal acu. 37 Ach ba mhian le Barnabas Eóin, ar a dtugtí Marcus, do bhreith leis. 38 Dubhairt Pól, ámhthach, nár cheart dóibh an duine sin a ghlacadh, (mar gur imthigh sé uatha i bPamphilia agus nár chuaid sé sa n-obair leó). 39 Agus bhí easaontacht ann i dtreó gur sgaradar le n-a chéile, agus chuaidh Barnabas ar luing go Cuprus agus do rug sé Marcus leis. 40 Agus do rug Pól Sílas leis agus ghluais sé chun siúbhail, agus chuir na braithre fé chomairche ghrásta Dé é. 41 Agus shiúbhluigh sé Siria agus Cilicia, ag chur misnigh ar na h-eagailsíbh, agus ’ghá rádh leó aitheanta na h-Aspol agus na seanóirí do chimeád. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society