Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir bhí an t-uathbhás ar fad air, agus ar a raibh leis, fá’n lucht éisc a ghabh siad:

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg said

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad

Féach an chaibidil



Lúcás 5:9
8 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sgamal agus clúduigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt: Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis.


Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh.


Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.


Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhiodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach?


Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.


Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.