Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 agus bʼamhlaidh do Shéamas agus dʼEoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus bhí mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eoin, mic Shebede, a bhí i gcómhar le Síomon. Agus deir Íosa le Síomon: Ná bíodh eagla ort: gabhfaidh tú daoine feasta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 agus mar an gcéanna do Shéamas agus dʼEoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:10
14 Tagairtí Cros  

Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg;


Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.


Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air.


Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh.


Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad.


Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh.


Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge.


Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;


Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,


Bhí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus bheirt eile deisgiobul, agus iad i bhfocair a chéile.


agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí