Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é.
Lúcás 23:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghoir Pioláit chuige uachtaráin na sagart, agus ceannairí an ghárda, agus na daoine, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlaoigh Píoláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile |
Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é.
Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia.
Agus conus mar a dhein na h-árdshagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun báis, agus é chéasadh.
Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad.
Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bhith ann.
Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann.
Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh’ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é.
Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h-uachtaráin gur b’é seo Críost?
Óir níor aithın muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómhlíonadar guthana na bhfáidh.
Ach anois, a bhráithre, tá ’fhios agam gur tré aineólus a dheineabhair é, ar nós bhúr n-uachtarán.
Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgribhneóirí i n-Ierúsalem,
Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom: