Lúcás 23:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug Ioruadh mar aon le n-a lucht airm tarcuisne dó, agus chuir éadach geal air, ag déanamh magaidh faoi, agus, sheol thar ais chuig Pioláit é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é. An Bíobla Naofa 1981 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é. |
Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.
Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.
Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh.
Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith.
Agus tháinigh Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine!