Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?
Lúcás 2:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí sí ina baintreabhaigh go h-aois a ceithre scór agus ceithre bliadhna, agus ní fhágadh sí an teampall, acht ag tabhairt seirbhíse do Dhia lá agus oidhche le troscadh agus urnaighe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar mbeith na baintreabhuigh a dtinicheall cheithre mblíadhan agus cheithre tichid dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísí do Dhía do ló agus doidhche le trosgadh agus lé húrnuighthe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus dʼoíche le troscadh agus le hurnaithe. An Bíobla Naofa 1981 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe. |
Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?
Ansan do dheineadar trosgadh agus úrnuighthe agus chuireadar a lámha ortha-san agus chuireadar chun súbhail iad.
An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagáil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí.