Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:37 - An Bíobla Naofa 1981

37 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus bhí sí ina baintreabhaigh go h-aois a ceithre scór agus ceithre bliadhna, agus ní fhágadh sí an teampall, acht ag tabhairt seirbhíse do Dhia lá agus oidhche le troscadh agus urnaighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus ar mbeith na baintreabhuigh a dtinicheall cheithre mblíadhan agus cheithre tichid dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísí do Dhía do ló agus doidhche le trosgadh agus lé húrnuighthe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus dʼoíche le troscadh agus le hurnaithe.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:37
16 Tagairtí Cros  

A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.


Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé gach lá de mo shaol; i dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.


Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.


Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.


An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin mar a gcuirfeadh sí a hál ag d'altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.


Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine.


Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.


Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”


Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.


Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.


Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.


An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.


An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m'ainm nua féin.


Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;


Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí