Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus bhí banfháidh ann, Anna, inghean Phanueil, de threibh Aser; bhí sí siar go mór i mbliadhanta, agus bhí sí i ndiaidh seacht mbliadhna a chaitheamh le n-a fear ó bhí sí ina h-óigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus do bhí Anna, ban‐fháidh, inghean Phanuél, de threibh Asér, do bhí sí an‐aosta; do chaith sí seacht mbliadhna ag a fear tar éis a maighdeanais,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus fós do bhí Anna, banfháidh, inghean Phánuel, do threibh Aser: do bhi aois mhór aiceso, tár éis seachd mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeannis;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus ban-fháidh dob’ eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n-a h-óige do chaitheamh agá fear.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Agus bhí ban-fháidh ann freisin, Anna iníon Fhanúéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóchta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:36
18 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.


Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.


Rachaidh tú isteach i d'uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth.


Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.


Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.


“Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne.


agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”


Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.


Doirtfidh mé mo Spiorad sna laethanta sin fiú amháin ar m'óglaigh agus ar mo bhanóglaigh, agus déanfaidh siad tairngreacht.


Bhí ceathrar iníon aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu.


Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.


Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh.


Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;


Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin


Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní.


ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,


Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.


Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí