Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 13:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan do dheineadar trosgadh agus úrnuighthe agus chuireadar a lámha ortha-san agus chuireadar chun súbhail iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Leag siad lámha orthu ansin tar éis urnaí agus troscaidh agus chuir siad iad i gcionn a n‑aistir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Annsin ar déanamh troscaidh, agus urnaighe, agus ar chur a lámh ortha dóibh, chuir siad chun siubhail iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Annsin, tar a éis dóibh troscadh agus urnaighe do dhéanamh, agus a lámha do chur ortha, do chuireadar uatha iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh ortha, do léigeadar úatha íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 13:3
18 Tagairtí Cros  

Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche.


Agus dheineadar úrnuighthe agus dubhriadar: Déinse, a Thighearna, ó’s agat atá fios croidhe gach duine, a thaisbeáint cia’cu de’n bheirt seo is roga leat,


Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam.


Agus fé sheóladh an Spioraid Naoimh chuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus


Agus d’imthigheadar treasna na Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia,


Agus nuair a thánadar ann chruinnigheadar an eaglais agus d’innseadar na neithe móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh’osgail sé dorus an chreidimh do sna geintibh.


Agus do rug Pól Sílas leis agus ghluais sé chun siúbhail, agus chuir na braithre fé chomairche ghrásta Dé é.


Thugadar na fir sin i láthair na n-Aspol, agus dhein na n-Aspoil úrnuighthe dhchibh agus chuireadar a lámha ortha.


Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise chughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí