Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 19:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag amharc suas do Íosa, ag teacht chun na h-áite dó, chonnaic sé é, agus dubhairt leis: A Shacheuis, tar anuas go tapaidh, óir is éigean damh cómhnaidhe a dhéanamh i do thigh-se indiu.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

Féach an chaibidil



Lúcás 19:5
17 Tagairtí Cros  

Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.


Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é.


Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin.


Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach.


Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu.


D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag m’ Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd cómhnuighe i n-a fhochair.