Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh.
Lúcás 19:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí na neithe seo ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh, ag dul suas go h-Ierusalem. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go hIarúsailéim. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim. |
Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh.
Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!
Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine.
Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem.
Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?