Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus nuair a bhí na neithe seo ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh, ag dul suas go h-Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go hIarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:28
9 Tagairtí Cros  

Thug Íosa freagra air á rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.


Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!


Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.


Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,


Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n‑ólfaidh mé é?”


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d'fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí