Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Lúcás 16:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mhol an máistir an maor éagórach as a fhadcheannacht; mar is glice iad clann an tsaoil seo ná clann an tsolais sa mhéid a bhaineas lena saol féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mhol an tighearna an stuibhard mí-ionnraic, de bhrígh go ndearna sé críonnacht: óir is críonna clann an tsaoghail seo do réir a gcinéil féin ná clann an tsoluis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do mhol an tighearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoghail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. An Bíobla Naofa 1981 Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. |
Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.
An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis.
Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.
Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh.
Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart;
Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná.
An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.