Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.
Lúcás 12:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bhíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bhíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach fógróidh mé daoibh cé roimhe ar cheart eagla a bheith oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té sin a mbíonn sé de chumhacht aige, tar éis duine a mharú, a chaitheamh isteach in ifreann; is ea, deirim libh eagla a bheith oraibh roimhe sin! Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht taisbeánfaidh mé díbh cé roimhe a mbéidh eagla oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil cumhacht aige duine a chur go h-ifreann, i ndiaidh é a mharbhadh. Seadh, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe-sean. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Inneosad daoibh cia roimhe a mbéidh eagla oraibh: Bíodh eagla oraibh roimh an té go bhfuil ar chumas dó, tar éis duine do mharbhadh, é chur go h‐ifreann; is eadh, adeirim libh, Bíodh eagla oraibh roimhe‐sean. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in Ifreann. Is ea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. An Bíobla Naofa 1981 Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. |
Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann.
Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;
Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.
Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.