Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.
Lúcás 12:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: Thug a chuid tailimh ana-thoradh d’fhear shaidhbhir áirithe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼinis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus labhair sé samhlaoid leo, ag rádh: Thug talamh dhuine shaidhbhir áirithe toradh líonmhar uaidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do labhair sé samhlaoid leo, Thug talamh acfuinnigh éigin toradh mór: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé cosamblachd riú, ag rádh, Tug fearann dhuine sháidhbhir áirighe toradh mór: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barra breátha uaithi, An Bíobla Naofa 1981 Agus labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, |
Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.
Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart.
Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.
Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.
Agus bíodh gus labhradar mar sin is ar éigin fhéadadar na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.