Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus.
Lúcás 11:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a’m chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am’ theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabhairt duit; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus go n-abróchadh seisean ó’n taoibh istigh, ghá fhreagairt: Ná bí mo bhodhradh, óir tá an doras druidthe anois agus tá mo chlann san leabaidh i mo theannta: ní thig liom éirghe agus tabhairt duit. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus go ndéarfaidh an fear istigh dá fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mé féin is mo chlann sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’;– An Bíobla Naofa 1981 agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; - |
Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus.
Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as a shlígh agus ní’l aon nídh agam le cur os a chómhair,
Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná n-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach.
Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.
Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach: