¶ Agus do chuáidh Abner mhac Ner, agus searbhfhoghantuighidh Isbóset mhic Sauil, amach ó Mhahanaim go Gibeon.
Iósua 9:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Achd a nuáir do chúaladar muintir Ghibeon mar do rinne Iosua ré Iericho agus ré Hái, An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí, |
¶ Agus do chuáidh Abner mhac Ner, agus searbhfhoghantuighidh Isbóset mhic Sauil, amach ó Mhahanaim go Gibeon.
Agus Ismaiah an Gibeoniteach, duine neartmhar a measg an tríochaid, agus ós chionn an tríochaid; agus Ieremiah, agus Iahasiel, agus Iohanan, agus Iosabad an Gederatiteach,
Mar sin do chuáidh Solamh, agus an comhchruinniughadh uile iona fhochair, don náit áird do bhi ann Gibeon; óir is annsin do bhí tabernacuil chomhchruinnigh Dé, noch do rinne Maóise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA ann sa bhfásach.
Agus tárla an bhliadhuin chéadna, a ttosach rioghachta Shedeciah rígh Iúdah, annsa cheathramhadh bliadhain, agus annsa chúigeadh mí, gur labhair Hananiah mac Asur an fáigh, noch do bhí do Ghibeon, riomsa a ttigh an TIGHEARNA, a lathair na sagairt agus an phobail uile, gha rádh,
Anois táinic a ccrích, a núair do chúaluidh Adonísedec righ Ierusalem mar re ghabh Iosua Ai, agus gur dhíothlaithrigh sé thríd amach í; mar do rinne re Iericho agus re na rígh, marsin do rinne re Hái agus re na righ; agus mar do rinneadar muintir Ghibeon síth ré Israel, agus mar do bhádár na measg;
Gur eagluigheadar go mór, do bhrígh go raibh Gíbeon na cathruigh mhóir, mar aon do na caithreachaibh ríoghamhla, agus do chionn gur mhó í ná Ai, agus go rabhadar a daoine uile láidir.
¶ Agus an lá céadnasin do ghabh Iosua Macedah, agus do bhúail í le faobhar an chloidhimh, agus a rígh do mharbh sé thríd amach, íad féin, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé aon díobh as: agus do rinne sé ré rígh Mhacedah mar do rinne re rígh Iericho.
Agus do thoirbhir an TIGHEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láimh Israel; agus do bhúail se í lé fáobhar an chloidhimh, agus a raibh danmannuibh inte; níor léig sé áon díobh as dá raibh inte; agus do rinne sé ré na rígh mar do rine re rígh Ierícho.
Ní raíbh cathair do rínne síth ré cloinn Israel, acht na Hibhitigh amhaín áitreabhuigh Ghibeon: do gabhadar an chuid oile uile a ccath.
Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
¶ Agus do ghoir Iosua orra, agus do labhair sé riu, gha rádh, Cread far mheallabhair sinn, gá rádh, Atámoid ro fhada úaibh; a núair gurob eadruinn chomhnuighthí?
Do rinneadarsan go cealgach, agus do chúadar agus do léigeadar orra gur teachda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluibh, agus sean bhuidéil fhíona, briste, ceangailte súas;