Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. An tabernacuil ag Sílo. 2 An chuid oile do Chanaan rannta a seachd codchaibh. 11 Cuid ronna Beniamin, ann a raibh Ierusalem.

1 Agus do chruinnigh comhchruinniughadh iomlán chloinne Israel a bhfocair a chéile a Sílo, agus do chuireadur súas tabernacuil an chomhchruinnigh ann sin. Agus do claóidheadh an dúithche rompa.

2 ¶ Agus do bhádar a measc chloinne Israel seachd ttreabha, nach bhfuáir a noighreachd.

3 Agus a dubhairt Iosua re cloinn Israel, Cá fad atáthaoi tláith do dhul do shealbhughadh na dúithche, noch thug an TIGHEARNA Día bhur naithreadh dhaóibh?

4 Tugaidh amach eadruibh tríur fear as gach aoin treibh: agus cuirfe misi uáim íad, agus éireochuid síad, agus rachaid thríd an tír, agus tarruingheochuid í do réir a noighreachda; agus tiocfaid a rís chugamsa.

5 Agus roinnfid síad a seachd ccuid í: fanfuidh Iúdah ann a gcósta ó dheas, agus fanfuidh Ióseph ann a gcósta ó thuáigh.

6 Roinnfidhe ar a nadhbharsin an dúithche iona seachd ccotchaibh, agus do bhéarthaoi an roinn chugamsa annso, chor go tteilgfe mé crainn daóibh annso a bhfíadhnuisi bhur TTIGHEARNA Dé.

7 Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.

8 ¶ Agus do éirghiodar na fir, agus do imthigheadar rompa: agus do fhúagair Iosua don mhuinntir do chuáidh do mheas an nfearuinn, gha rádh, Eírghidhe agus siubhlaidhe thríd an dúithche, agus measuidh í, agus tigidh chugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so dhíbh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a Síloh.

9 Agus do imthigheadar na fir agus chúadar thríd an ttír, agus do mheasadar í ó chathair go cathair a seachd gcotchaibh ann a leabhar, agus tangadar a rís go Iosua don tsluaigh a Síloh.

10 ¶ Agus do theilg Iosua crainn dúibh a Síloh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA: agus annsin do roinn Iosua an fhearann ar chloinn Israel do réir a ronna.

11 ¶ Agus thug sé amach crannchair threibhe chloinne Beniamin do réir a muinntear: agus táinic cósta a ccranchar amach idír chloinn Iúdah agus chloinn Ióseph.

12 Agus do bhí a ttéora don taóibh thuáigh ó Iordan; agus do chuáidh an téora súas go taóibh Iericho don taoíbh thuáigh, agus do chuáidh súas thríd na sléibhtibh don táoibh shíar; agus do bhí a dula amach sin ag fásach Bhet‐abhen.

13 Agus do chuáidh an téora ann sin leath re Lus, go taoibh Lus, (noch ar bé Betel), budh dheas; agus tháinic an téora a núas go Hatarot‐adar, láimh ris an gcnoc atá don taóibh ó dheas do Bhethóran íochdarach.

14 Agus do tairrngeadh an téora as sin, agus do thimchill sí coirneal na fairge budh dheas, ón chnoc atá as coinne Bhethóron budh dheas; agus do bhádar a dula amach sin ag Ciriat‐baal, (noch ar bé Ciriat‐iearim), cathair lé cloinn Iúdah: do budh í so an cheathramh shíar.

15 Agus do bhí an cheathramha budh dheas ó chionn Chiriat‐iearim, agus do chuáidh a téora amach ar an ttaóibh shíar, agus do chuáidh amach go tobar na nuisgeadh ag Nephtoah:

16 Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléibhe atá as coinne ghlinn mhic Hinnom, agus noch atá a ngleann na naitheach budh thuáigh, agus do chuáidh sios go gleann Hinnom, go táobh Iebusi budh dheas, agus do chuáidh síos go Henrogel,

17 Agus do bhí tairngthe ón ttáoibh thuáigh, agus do chuáidh amach go Hensemes, agus do chuáidh amach leath ré Gelilot, noch atá as coinne dhula súas Adúmmim, agus do chuáidh síos go cloich Bhohan mhic Reuben,

18 Agus do shín ar fad thall as coinne Arabah budh thuáigh, agus do chuáidh síos go Harabah:

19 Agus do shín an téora ar fad go táobh Bhet‐oglah bu thuaigh: agus do bhí dul amach na téorann ar chúain budh thuáigh na fairge sailte ag an gcéann budh dheas do Iordan: do budh é so an cósta ó dheas.

20 Agus do bé Iordan a théora sin don taóibh shoir. Dob í so oighreachd chloinne Beniamin, le na gcóstuibh timchioll fa gcuáirt, do réir a muinntear.

21 ¶ Annois dob íad so caithreacha threibhe chloinne Beniamin do réir a muinntear Iericho, agus bet‐hoglah, agus gleann Cesis,

22 Agus Bet‐harabah, agus Semaraim, agus Betel,

23 Agus Abhim, agus Párah, agus Ophrah,

24 Agus Chephar‐haammonai, agus Ophni, agus Gába; dhá chathruigh dhéag gun a mbailtibh:

25 Gibeon, agus Rámah, agus Beerot,

26 Agus Mispeh, agus Chephirah, agus Mosah,

27 Agus Recem, agus Irpeel, agus Taralah,

28 Agus Selah, Eleph, agus Iebusi, eadhon Ierusalem, Gibeat, agus Ciriat; ceithre caithreacha deúg gun a mbailtibh. Sí so oighreachd chloinne Beniamin do reír a muinntear.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí