Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Agus do éirghiodar na fir, agus do imthigheadar rompa: agus do fhúagair Iosua don mhuinntir do chuáidh do mheas an nfearuinn, gha rádh, Eírghidhe agus siubhlaidhe thríd an dúithche, agus measuidh í, agus tigidh chugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so dhíbh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a Síloh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:8
13 Tagairtí Cros  

Eírigh, siubhail ar feadh an fhearuinn ann a fhad agus ann a leithead; óir do bhéura misi dhuit é.


Agus do theilg sé crannchar ar a son, agus do roinn a lámh eatorra é lé slabhradh: sealbhochuidh síad go bráth é, ó ghinealach go ginealach comhnochuid ann.


Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.


Annois ar a nadhbharsin rannsa an feárannso mar oighreachd idir na náoi ttreabhuibh, agus leiththreibh Mhanasseh,


Ach do bhí crannchar threibhe chloinne Iúdah do réir a muintear; air fad go himiol Edom fásach Sin air a ttáobh ó dheas do bé an foirimiol é don taobh ó dheas.


Agus do chruinnigh comhchruinniughadh iomlán chloinne Israel a bhfocair a chéile a Sílo, agus do chuireadur súas tabernacuil an chomhchruinnigh ann sin. Agus do claóidheadh an dúithche rompa.


¶ Agus do theilg Iosua crainn dúibh a Síloh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA: agus annsin do roinn Iosua an fhearann ar chloinn Israel do réir a ronna.


Roinnfidhe ar a nadhbharsin an dúithche iona seachd ccotchaibh, agus do bhéarthaoi an roinn chugamsa annso, chor go tteilgfe mé crainn daóibh annso a bhfíadhnuisi bhur TTIGHEARNA Dé.


Agus do imthigheadar na fir agus chúadar thríd an ttír, agus do mheasadar í ó chathair go cathair a seachd gcotchaibh ann a leabhar, agus tangadar a rís go Iosua don tsluaigh a Síloh.


Uime sin a dubhairt Saul ris an TTIGHEARNA Día Israel, Taisbéan crannchar comhthrom. Agus do thuit ar Shaul agus ar Ionatan: achd do sáoradh an pobal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí