Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléibhe atá as coinne ghlinn mhic Hinnom, agus noch atá a ngleann na naitheach budh thuáigh, agus do chuáidh sios go gleann Hinnom, go táobh Iebusi budh dheas, agus do chuáidh síos go Henrogel,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:16
19 Tagairtí Cros  

Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor bháill leó a bhfaicsin ag teachd don chathruigh): agus do chuáidh cailin agus dinnis sí scéula dhóibh; agus do chuadarsan agus dinnisiodar do Dháibhi rígh é.


Achd a núair tangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


Agus do mharbh Adoniiah caóirigh agus daimh agus áirnéís mhéith láimh re cloich Sohelet, noch atá láimh ré Henrogel, agus thug sé cuireadh dhá dhearbhraithribh uile mic an rígh, agus do mhuinntir Iúdah uile searbhfhoghantuighidh an righ:


Agus do thruáilligh sé Tophet, noch atá a ngleann chloinne Hinnom, iondus nach budh fhéidir lé héanduine a thabhairt air a mhac nó ar á inghin dhul thríd an tteine go Molech.


Agus thangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


Tuilleamh oile do rinne sé íodhbairt a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg sé a chlann annsa teine, do réir ghráineamhlachd na ngeinteadh noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.


Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.


Oír do hórduigheadh Tophet ón tseanaimsir; iseadh, don rígh fós do hullmhuigheadh é; do rinne sé domhuin agus leathan é: sé a chárn sin teine agus iomad connaidh: lasaidh anál an TIGHEARNA é, amhuil sruth ruibhe.


Agus a déara tú ríu, Is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Eadhon is marso bhrisfios mé an pobalso agus an chathairsi, mar bhrisios neuch soightheach an photadóra, nach féidir a dhéanamh slán a rís: agus adhlocuid síad a Ttophet, nó go raibh gan áit adhluicthe ann.


Agus imthigh amach go gleann mhic Hinnom, noch atá aig dul a steach an gheata shoir? agus fúagair annsin na bríathra inneosas misi dhuit;


Ar a nadhbharsin, féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, nach goirfighear Tophet do náitsi ní sa mhó, nó Gleann mhic Hinnom, achd Gleann a náir.


Agus do rinneadar áite árda Bhaal, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do thabhairt air a macaibh, agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine do Mholoch; noch nar aithin misi dhíobh, ní mó tháinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ghráineamhlachtso, tabhairt ar Iúdah peacughadh.


¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh.


Agus Selah, Eleph, agus Iebusi, eadhon Ierusalem, Gibeat, agus Ciriat; ceithre caithreacha deúg gun a mbailtibh. Sí so oighreachd chloinne Beniamin do reír a muinntear.


¶ Agus nír dhibriodar clann Bheniamin na Iebusítigh do áitreibh ann Ierusalem; achd dfanadar na Iebusitigh a bhfochair chloinne Beniamin gus a niugh ánn Ierusalem.


¶ Annois do throideadar mic Iúdah a naghaidh Ierusalem, agus do ghabhadar í, agus do bhúaileadar í le fáobhar an chloidhimh, agus do chiureadar an chathair tré theinidh.


Ach níor bháill leis a nóglach fuireach a noidhche sin, achd do eirigh sé súas agus dimthigh, agus tháinic sé as coinne lebus (noch dá ngoirthear Ierusalem;) agus do bhi cuingir assal na fhochair fá dhíalluidibh, do bhí fós a leannán na fhochair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí