Iósua 18:16 - An Bíobla Naofa 198116 Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléibhe atá as coinne ghlinn mhic Hinnom, agus noch atá a ngleann na naitheach budh thuáigh, agus do chuáidh sios go gleann Hinnom, go táobh Iebusi budh dheas, agus do chuáidh síos go Henrogel, Féach an chaibidil |