Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:19 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do shín an téora ar fad go táobh Bhet‐oglah bu thuaigh: agus do bhí dul amach na téorann ar chúain budh thuáigh na fairge sailte ag an gcéann budh dheas do Iordan: do budh é so an cósta ó dheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:19
10 Tagairtí Cros  

Do iadhadurso uile re chéile a ngleann Siddim, noch ar bé an fhairge shaillte.


Agus do theilg seachad na caithreacha, sin agus an fearann uile, agus áitreabhuigh na ccaithreach uile, agus an ní do fhás ar an ttalamh.


Agus scriosfuidh an TIGHEARNA thríd amach teanga na fairge Egiptigh; agus croithfidh sé a lámh ós cionn na habhanna le neart a spioraide, agus buailfidh sé é annsna seachd srothuibh, agus do bhéara ar dhaóinibh dul tirim thairis.


Annsin biáidh bhur gceathramhna budh dheas ó fhásach Sin ar fad láimh ré himlibh Edom, agus budh é bhur tteórann budh dheas fírimiol na fairge sailte leath shoir:


An réiteach fós, agus Iordan agus an teóra, ó Chinnerei go nuige fairge an réitigh, a nfairge shailte, fáoi Asdot‐pisgah táobh shoir.


Agus ón réiteách go fairge Chinerot ar an ttaobh shoir, agus go fairge an réitigh, eadhon a nfairge shailte taobh shoir, an tslighe go Bet‐iesimot; agus ón taobh ó dheas, faói Asdot‐pisgah:


Agus do budh í a ttéora dheas ó thráigh na fairge sailte, ón chúan fhéachus a ttáobh ó dheas:


Agus do shín ar fad thall as coinne Arabah budh thuáigh, agus do chuáidh síos go Harabah:


Agus do bé Iordan a théora sin don taóibh shoir. Dob í so oighreachd chloinne Beniamin, le na gcóstuibh timchioll fa gcuáirt, do réir a muinntear.


Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí