Iósua 18:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus do chruinnigh comhchruinniughadh iomlán chloinne Israel a bhfocair a chéile a Sílo, agus do chuireadur súas tabernacuil an chomhchruinnigh ann sin. Agus do claóidheadh an dúithche rompa. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19811 Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir. Féach an chaibidil |
¶ Agus do éirghiodar na fir, agus do imthigheadar rompa: agus do fhúagair Iosua don mhuinntir do chuáidh do mheas an nfearuinn, gha rádh, Eírghidhe agus siubhlaidhe thríd an dúithche, agus measuidh í, agus tigidh chugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so dhíbh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a Síloh.
Gidheadh, má tá bhur bhfearann sealbha neamhghlan, annsin éirgidh thairis go fearann seilbhe an TIGHEARNA, mar a ccomhnuigheann tabernacuil an TIGHEARNA, agus glacuidh sealbh ar meascne: acht na cathuighidh a naghaidh an TIGHEARNA, agus ná cathuighídh ar naghaidhne, ag déanadh altóra dhaóibh féin táobh amuigh daltóir ar TTIGHEARNA Dé.